Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch
Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch

Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch Chomhdháil Cheilteach- Craobh na hÉireann -=- Celtic Congress Irish Branch


***Enable Javascript to see Site Menu ***

Eibhlín Ní Chathailriabhaigh




Léacht Comórtha

‘Polasaithe Rialtais ar son na teanga agus toghchaí na Gaeilge’

le DÓNALL Ó RIAGÁIN

Áras Fhoras na Gaeilge

7:30 pm

Deardaoin 22 Samhain 2012


Comhairleoir neamhspleách agus duine de bhunaitheoirí an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha neamhfhorleathana é agus bé céad uachtarán agus céad Rúnaí Ginearálta na heagraíochta úd é. Bhí sé páirteach in ullmhú roinnt tuarascálacha don Pharlaimint Eorpach, don Choimisiún Eorpach, d’Ard-Choimisinéir an OSCE um Mhionlaigh Náisiúnta agus do Chomhairle na hEorpa, an Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh ina measc. Ba léachtóir páirtaimseartha é ar an gcúrsa MA sa Léann Eorpach i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ó 2000 go 2010. Ánra Oinigh é ag Coláiste na Tríonóide Naomh Dáibhí, Carmarthen, an Bhreatain Bheag, agus is ball é de Choiste Idirnáisiúnta Comhairleach Linguapax [UNESCOCAT], Barcelona chomh maith le bheith ina Chathaoirleach ar Abakan Action, líonra neamhfhoirmiúil atá ag iarraidh éagsúlacht teanga a chur chun cinn. Ball é de EUNoM (European Universities Network on Multilingualism) agus den Language Policy Research Network a bhaineann leis an Center for Applied Linguistics i Washington DC. Caomhnóir é ar an Observatoire International des Droits Linguistiques, Moncton University, Ceanada. Go dtí le deireannas ba dhuine é de na saineolaithe a bhí ag obair ar chomhchlár ‘Mionlaigh sa Rúis’ de chuid Chomhairle na hEorpa is an Aontais Eorpaigh.,


Éist leist an léacht a thug Éamon O Cíosáin i 2010 anseo.


Rugadh Eibhlín Ní Chatailriabhaigh ar an lá seo cead bliain ó shin, an 1u lá de mhí an Mheithimh 1910.

Bhí saol fada gníomhach aici a thug sí go hiomlán don teanga agus do gluaiseacht na Gaeilge. Bhí sí gníomhach i gConradh na Gaeilge ó bhí sí ina cailín óg.

Sa bhliain 1939 athbhunaigh Eibhlín Ní Chathailriabhaigh i dteannta le Donal Ó Dúill "Oireachtas Na Gaeilge" agus bhí Eibhlín mar rúnaí ar an Oireachtas ag an tús.

Bunaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge sa bhliain 1943 agus ar feadh tréimhse ón am sin bhí sí mar rúnaí ar an eagraíocht sin.

Bhí sí mar croí lár na hArd Craoibhe de Chonradh na Gaeilge ar feadh na mblianta fada. Bhíodh sí ag múineadh Gaeilge i ranganna na hArd Craoibhe agus is i is mo a d'eagraíodh Fleadh na Nollag.

Bhí baint mhór aici le Cairde Na Cruite. Ghlac sí páirt mhór gníomhach sa Chomhdháil Cheilteach agus bhí sí i ngach oifig ag leibhéil na craoibhe náisiúnta agus fiú ag an leibhéil idirnáisiúnta.

Bhí post aici mar stáit sheirbhíseach sa Roinn Oideachais agus sa Roinn Talmhaíochta. Nuair a d'éirigh sí as an Stáit Sheirbhís chaith sí tamall i dtionscal na n-ostán.

Bhí pearsantacht láidir ag Eibhlín. Ba bean máistreasúil i a chur cuid mhór rudaí i gcrích go héifeachtach.

Ní bheidh a leithéidí arís ann.

Tuilleadh eolais

WWW.CCheilteach.ie